Muid Féin

  

Le chéile sa teanga

Bunaíodh Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain i gceantar an Lóiste Úir ar an Bhóthar Aontroma.  Is iad príomhaidhmeanna an chumainn ná an Ghaeilge, stair, ceol, dráma is damhsa na hÉireann a chur chun cinn beag beann ar chreideamh, ar aicme, ar chúlra ná ar chumas. Is é an sprioc atá againn ná daoine idir óg agus aosta a bhfuil cúlraí éagsúla acu a thabhairt le chéile i dTuaisceart Bhéal Feirste agus an deis a thabhairt dóibh a bheith sáite i dtimpeallacht shaibhir na Gaeilge, an chultúir, na flaithiúlachta agus na siamsaíochta. Bíonn réimse leathan d’imeachtaí ar siúl ag CCMR ar fud na bliana.  

Is iad na rudaí is bunasaí a dhéantar ar bhonn rialta ná na ranganna laethúla/seachtainiúla Gaeilge ag gach leibhéal, imeachtaí sóisialta, Scoil Samhraidh ar feadh seachtaine, imeachtaí Sheachtain na Gaeilge, Scoil Gheimhridh, Scéim na mBunscoileanna agus Scéim na bhFáinní. Déantar soláthar sheirbhísí gnó i nGaeilge a chur chun cinn fosta le próifíl na Gaeilge a ardú i dTuaisceart Bhéal Feirste tríd Scéim Chomharthaíochta. Ina theannta sin, déantar comhoibriú le grúpaí Gaeilge agus grúpaí pobail eile sa cheantar agus ar fud Bhéal Feirste leis an Ghaeilge a chur chun tosaigh. Ba mhaith linn fearadh na fáilte a chur roimh dhuine ar bith ar mhaith leo a bheith páirteach sna himeachtaí atá ar bun againn. Má tá tuilleadh eolais uait faoi na gníomhaíochtaí luaite anseo, is féidir dhul i dteagmháil leis an Oifigeach Forbartha Gaeilge de Chumann Cultúrtha Mhic Reachtain, Niall Ó Maitiú,156 Bóthar Aontroma. 

Nuachtlitir Chumann Cultúrtha Mhic Reachtain - Guth ó Thuaidh:

               EAGRÁN 7                           EAGRÁN 6                                EAGRÁN 5

                                 

    EAGRÁN 4                               EAGRÁN 3                            EAGRÁN 2                           EAGRÁN 1           

                                      

 

 

 FÉILIRE 2010

Designed by FilledSoda