Arís i mbliana, cuireadh tús le ranganna seachtainiúla Gaeilge sna bunscoileanna lán-Bhéarla i dTuaisceart Bhéal Feirste. Is scéim nuálaíoch í seo Ó óige go neart atá á cur i bhfeidhm ag Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain.
Solathraíonn an scéim ceachtanna spraíúla Gaeilge do pháistí bunscoile ón aoisghrúpa 7-12 (rang 6/7 den chuid is mó) ar fud thuaisceart na cathrach. Tá 8 mbunscoil páirteach sa scéim arís i 2010, is é sin 19 rang ar fad agus breis is 500 dalta san iomlán. Tá Niall Ó Maitiú, an tOifigeach Forbartha Gaeilge le Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain freagrach as na ranganna a eagrú sna bunscoileanna. Tá Eilish King ar bord arís ag seachadadh na gceachtanna sna bunscoileanna sa tuaisceart chomh maith.
Tá rath mór ar an scéim seo ó thosaigh sí amach tuairim is 5 bliana ó shin. Moltar agus spreagtar na daltaí le cibé Gaeilge a fhoghlaimíonn siad a úsáid taobh istigh agus taobh amuigh den seomra ranga. Ag deireadh na scoilbhliana i mí an Mheithimh, téann na Gaeilgeoirí óga seo trí scrúdú béil agus bronntar teastais bhunscoile orthu don leibhéal Gaeilge labhartha atá acu.
![]() |
|
I measc na scoileanna atá páirteach sa scéim arís i 2010, tá: