CLICEÁIL ANSEO NÓ AR AN PHICTIÚR LE CLÁR 2010 A ÍOSLÓDÁIL
Tá Scoil Samhraidh Mhic Reachtain ar cheann de na himeachtaí Gaeilge is mó agus is tábhachtaí in Éirinn taobh amuigh d’Oireachtas na Gaeilge. Lonnaithe i dTuaisceart Bheal Feirste, is é an rud atá i gceist le Scoil Samhraidh ná Féile seachtaine a bhfuil réimse leathan d’imeachtaí, ceardlanna agus cúrsaí Gaeilge ar fáil ann. Bíonn freastal mór ar an imeacht bliain i ndiaidh bliana. Bíonn breis agus 3,000 duine ó aoisghrúpaí difriúla páirteach sna himeachtaí le linn na seachtaine. Beidh an dianchúrsa Gaeilge ar bun arís i mbliana i dTeach Mhic Reachtain, san Iontaobhas 174 i dtuaisceart Bhéal Feirste.
Tá Scoil Samhraidh Mhic Reachtain ag tarraingt clú agus cáil an-mhór uirthi féin mar chuid lárnach de Fhéilire Chultúrtha Bhéal Feirste agus arís eile i mbliana, beidh seisiúin cheoil traidisiúnta ar siúl gach oíche i mBeár Uí Madáin i lár an bhaile. Cuifrear clabhsúr ar an tseachtain i mbliana san Óstan Europa i mBéal Feirste, Dé Sathairn, 31ú Iúil 7.00in. San imeacht ollmhór seo, beidh béile trí chúrsa san áireamh chomh maith le ceolchoirm ina dhiaidh, ná cailltear é ar ór na cruinne! Ticéid: £40. Ticéid do ghrúpaí/eagraíochta ar fáil fosta, gabh i dteagmháil le Niall ó Maitiú le haghaidh tuilleadh eolais.
Cliceáil ar cheann de na naisc seo thíos le foirm chláraithe 2009 a íoslódáil.
FOIRM CHLÁRAITHE 2010 - DIANCHÚRSA GAEILGE
CAMPA SAMHRAIDH 2010 - FOIRM CHLÁRAITHE
CEARDLANN - AN FHEADÓG STÁIN 2010 - FOIRM CHLÁRAITHE
CEARDLANN EALAÍNE DO PHÁISTÍ 2010 - FOIRM CHLÁRAITHE
CEARDLANN DRÁMAÍOCHTA (AOISGHRÚPA 5 - 12) - FOIRM CHLÁRAITHE
CEARDLANN GHAEILGE (AOISGHRÚPA 7-11) - FOIRM CHLÁRAITHE
ÁITEANNA TEORANTA AR NA RANGANNA - GABH I DTEAGMHÁIL LE NIALL Ó MAITIÚ: 028 90 749688
Scoil Samhraidh Mhic Reachtain
26ú Iúil - 1ú Lúnasa 2010