Tugann Scéim na bhFáinní deis do dhaltaí idir 11 agus 18 bliain d’aois cáilíocht aitheanta a bhaint amach don leibhéal Gaeilge atá acu. Tá mar bhunaidhmeanna ag an scéim:
Tá tábhacht ag baint leis an Ghaeilge mar ábhar scoile ag leibhéal GCSE, AS, nó A-Leibhéal ó thaobh an chultúir agus an oideachais de. Aithníonn gach ollscoil sna hoileáin seo stádas na Gaeilge mar ábhar scoile (Ollscoileanna Oxford agus Cambridge san áireamh). Tá borradh agus méadú ó thaobh deiseanna fostaíochta de ag baint leis an Ghaeilge. Cén fáth nach mbíonn baint agat féin leis an fhorbairt seo? Déan staidéar ar theanga a leathnóidh do pheirspictíochtaí, a dhoimhneoidh do chur amach ar do chultúr féin agus a bheidh mar cháilíocht luachmhar oideachais agat.
| Fáinne/Teastas | Leibhéal an Dalta |
| Cúpla Focal | Bliain 8/9 |
| Bunteastas Mhic Reachtain | Bliain 9/10 |
| Fáinne Airgid | Bliain 10/11 |
| Meánteastas Mhic Reachtain | Bliain 11/12 |
| Fáinne Óir | Bliain 12/13 |
| Ardteastas Mhic Reachtain | Bliain 13/14 |