Nuacht & Imeachtaí

Lainseáil Chlár Scoil Samhraidh Mhic Reachtain 2009

06 Jul 2009

SCOIL SAMHRAIDH MHIC REACHTAIN 2009 - 10 mBLIANA AG FÁS

Timpeall an ama seo achan bhliain, tarlaíonn rud éigin an-speisialta i dTuaisceart Bhéal Feirste.  Tagann daoine ó chian is ó chongar faoi bhrat na teanga le ceiliúradh spleodrach a bheith acu a thugann le fios go bhfuil an Ghaeilge go fóill mar pháirt lárnach dár saol sa lá atá inniu ann. 

Le tamall maith anuas, tá Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain ag spreagadh daoine chun gnímh ó thaobh na teanga de sa cheantar ach níl aon rud níos tábhachtaí ná an Scoil Samhraidh atá mar bhuaicphointe na bliana.

Is doiligh a chreidbheáil gur thosaigh sé uilig 10 mbliana ó shin nuair nach raibh a leithéid de scoil ar fáil áit ar bith sa chathair.

Cosúil le gach aon rud a bhfuil maitheas ann, thosaigh sé le fís – fís ina mbeadh cumhacht na Gaeilge á húsáid chun fócas nua a thabhairt don chomhphobal i limistéar a raibh a dhóthain de fhadhbanna aige.

Mar is gnách beidh an phríomhbhéim ar an Ghaeilge do dhaoine as gach aoisghrúpa agus cúlra – agus tá ranganna beartaithe ag 5 leibhéal ó bhun go hardrang ó Luan go hAoine.  Chomh maith leis na ranganna Gaeilge agus ceardlanna éagsúla, tá clár cuimsitheach d’imeachtaí curtha le chéile ag Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain.

Ar ndóigh, beidh an fhéile bhliantúil seo ag ceiliúradh a deichiú bliain le ceoltóirí agus amhránaithe den chéad scoth ar an chlár.

I measc na mbuaicphointí i mí Iúil, beidh ceolchoirm ann le Maighréad agus Tríona Ní Dhomhnaill, beirt deirfiúr a bhfuil baint acu le ceann de na clanna is mó ceoil i dTír Chonaill.
(Dé Céadaoin 29 Iúil – 9.30in – Iontaobhas 174 – Ticéid £5)

Cuirfear deireadh le himeachtaí na Scoile Samhraidh le Dinnéar & Ceolchoirm den scoth ón ghrúpa mór le rá ALTAN chomh maith le rince Gaelach ó CELTIC STORM.  Na cailltear an t-imeacht seo ar ór na cruinne.
(Dé Sathairn 1ú Lúnasa – Óstán Europa – 7.30 go mall – Ticéid £40)
Beidh bia ón tSín, ó Indian agus ó dheisceart Mheirceá i measc na gcomhábhar blasta uile a bheas mar chuid den fhéile ilchultúrtha an samhradh seo i dtuaisceart Bhéal Feirste.

Cé go mbeidh an Ghaeilge lárnach sa chuid is mó d’imeachtaí na seachtaine, beidh blas mór ilchultúrtha le fáil ann ar an Lá Ilchultúrtha, Dé Céadaoin 29 Iúil.  Ní amháin go bhfaighidh muid blas den scoth den bhia idirnáisiúnta seo, beidh léiriú bríomhar ann chomh maith de Rince Bollywood á léiriú ag damhsóirí ArtsEkta.
(Dé Céadaoin 29 Iúil – Iontaobhas 174 – 12.30 – 13.30)

Mar chuid d’imeachtaí Mhic Reachtain, beidh Campa Samhraidh Gaeilge ar súil do dhéagóirí i gColáiste Phádraig, Bearna Gaoithe, Bóthar Aontroma.  Mar gheall ar an éileamh don chúrsa seo, reáchtáileadh turas lae chuig Scátáil Oighir i nDún Dónall chomh maith le Galf Craiceáilte.

Ar ais ag Iontaobhas 174, beidh deis ag páistí (aois-ghrúpa 5 – 11) páirt a ghlacadh i gCeardlanna Ealaíona trí mheán na Gaeilge.  Ina theannta sin, beidh seisiún scéalaíochta agus ceoil samba ag gabháil ar aghaidh fosta.  Ag claí le téama an cheoil ar fud na seachtaine, beidh ceardlanna ann don fheadóg stáin agus fidil don aos ógfreisin.

Cuirfidh an tsiamsaíocht ollmhór le haitmaisféar na seachtaine gan dabht.  Dráma Teaghlaigh trí mheán na Gaeilge ‘An Seanfhear Beag’ a bheas á léiriú ag BRANNAR (Déardaoin 30 Iúil – 174 Trust – 7.30 – Saorchead isteach do pháistí bunscoile)

Mar aon leis seo, beidh sraith léachtaí ann agus ar ndóigh BLASTA speisialta i mBeár Uí Mhadáin le ceoltóirí, damhsóirí agus amhránaithe den chéad scoth ó Ghaeltacht Chonamara i láthair ar an oíche.  Ina measc siúd, beidh Seosamh Ó Neachtain (Damhsa sean-nóis),  Nan Tom Taimín (de Búrca), Meaití Jó Shéamuis agus Johnny Connolly (Phádraic Phíotair).
(Déardaoin 30 Iúil – Madden’s Bar – 9.30 go mall – Doras: £5)

Na déanaígí dearmad ar na Ceardlanna Damhsa Seit le hÉamann Mag Uidhir agus seisiún ceoil beo gach am lóin i rith na seachtaine.  Leis an clár cuimsitheach seo, níl an darna hamhras ann go bhfuil an cháil idirnáisiúnta atá faighte ag Scoil Samhraidh Mhic Reachtain tuillte go mór aici.  Ar aghaidh linn go dtí an chéad 10 mbliana eile.


Tuilleadh Eolais: Niall Ó Maitiú, Teach Mhic Reachtain, 156 Bóthar Aontroma, Béal Feirste. BT15 2AH

CLÁR AMA SCOIL SAMHRAIDH MHIC REACHTAIN 2009

Teil: 028 90 749688

r-post: ccmr@btconnect.com

Idirlíon: www.ccmr156.com

ar ais chuig an nuacht

Designed by FilledSoda