Nuacht & Imeachtaí

Molann an tAire Oideachais Scéim na bhFáinní

16 Jun 2009

Dr Art Hughes, Cathaoirleach, Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain, An tAire Oideachais, Caitríona Ruane MLA, le daltaí ó Choláiste na Seimhne, An Caisleán Nua, ag fáil a gcuid teastas agus fáinní óra

_____________________________________________________________________________________________________________

Ag moladh obair Chumann Cultúrtha Mhic Reachtain, chuir an tAire Oideachais, Caitríona Ruane, béim ar an tábhacht a bhaineann leis an deis a thabhairt don aos óg teanga eile a fhoghlaim ar scoil.

Bhí an tAire ag labhairt ar shearmanas i dTithe na Parlaiminte do bhreis agus 80 páiste as gach cearn den Tuaisceart a ghlac páirt i Scéim na bhFáinní Óir agus Airgid a d’eagraigh Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain.

Sular bhronn sí a gcuid teastas agus fáinní ar na daltaí, arsa an tAire, “ Sílim gur rud an-dearfach é go bhfuil an oiread sin teangacha sna scoileanna. Tugann cláir ar nós Scéim na bhFáinní deis dár bpáistí agus dár n-aos óg níos mó a fhoghlaim faoin Ghaeilge agus faoi stair agus cultúr na hÉireann.

Tá sé seo iontach tábhachtach agus ar na fáthanna ar thug mé isteach Clár na dTeangacha Bunscoile. I ndaonra scoile mar a bhfuil líon na ndaltaí, tríd is tríd, ag  titim, tá an ráchairt ar an Ghaelscolaíocht ag fás léi agus faoi láthair is í an earnáil oideachais is mó fás sa Tuaisceart í.

“Tugann obair Chumann Chultúrtha Mhic Reachtain agus na múinteoirí sna scoileanna a bhí páirteach deis iontach dár n-aos óg a scileanna teanga a leathnú agus cáilíocht aitheanta a ghnóthú dá leibhéal Gaeilge labhartha.”

Is é Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain a eagraíonn Scéim na bhFáinní Óir agus Airgid i scoileanna do dhaltaí idir 11 agus 18 mbliana. Tá an scéim á heagrú ó bhí an bhliain 2003 ann agus faoi láthair tá ocht scoil as gach cearn den Tuaisceart agus tuairim is 1000 dalta páirteach inti.

Labhair Cathaoirleach Chumann Cultúrtha Mhic Reachtain, Dr Art Hughes ag an ócáid chomh maith ag cur béime ar an tábhacht a bhaineann le hoideachas maith a bhaint amach sa lá atá inniu ann.  Dúirt sé fosta ar an ábhar gur teanga oifigiúil í an Ghaeilge den Aontas Eorpach go raibh i bhfad níos mó deiseanna fostaíochta á gcruthú do chainteoirí líofa na Gaeilge sna meáin chumarsáide agus san earnáil oideachas is poiblí ach go háirithe.

Is iad siúd a leanas na scoileanna ar bronnadh gradaim ar a gcuid daltaí sa Ghailearaí Fhada, Tithe na Parlaiminte:

Coláiste (Imeasctha) na Seimhne, An Caisleán Nua
Coláiste Naomh Maolmhaodhóg, Béal Feirste 
Scoil Mhuire na Trócaire, Baile na Saileán
Coláiste Dominiceach, Dún Liam
Ard-Scoil Naomh Róise, Béal Feirste
Bunscoil Bheann Mhadagáin, Béal Feirste
Bunscoil Mhic Reachtain, Béal Feirste
Coláiste Naomh Pádraig – Bearna Gaoithe 

Ag an Bhronnadh i dTithe na Parlaiminte (Clé - Deas):  Gearóid Trimble, Clár-Bhainisteoir, Foras na Gaeilge, Niall Ó Maitiú, Oifigeach Forbartha Gaeilge CCMR, Niamh McCann CCMR, An tAire Oideachais ó thuaidh, Caitríona Ruane MLA, Dr Art Hughes, Cathaoirleach CCMR

 

ar ais chuig an nuacht

Designed by FilledSoda