Nuacht & Imeachtaí

Buaiteoir Fógraithe - Comórtas Cuardach Focal - Guth ó Thuaidh

29 Apr 2009

   

Tharraing Máire Uí Éigeartaigh, Príomhoide, Bunscoil Bheann Mhadagáin ainm an bhuaiteora sa Chomórtas Cuardach Focal in eagrán 5 de  'Guth ó Thuaidh' le linn Sheachtain na Gaeilge.

Buaiteoir:  Conor George, Bunscoil an Chroí Ró-Naofa, Béal Feirste.  Aois: 11.

Duais:  Léine CLG a rogha chontae féin. 

Maith thú agus maith sibh go léir a ghlac páirt sa chomórtas.

Bígí ag breathnú amach don chéad chomórtas eile i 'Guth ó Thuaidh'.  Comórtas Cuardach Focal (Eagrán 6 - Aibreán).  2 Dhuais speisialta le buachaint.  2 x Scoláireacht Ghaetachta (50%).  Bun an Inbhir nó Machaire Rabhartaigh.

CLICEÁIL ANSEO LE FREAGRAÍ AN CHOMÓRTAIS A FHEICEÁIL 

Míle buíochas do na scoileanna uilig a bhí páirteach sa chomórtas:

Béal Feirste:  Bunscoil Phobal Feirste. Bunscoil Mhic Reachtain.  Bunscoil an Chroí Ró-Naofa.  Bunscoil Chailíní Réalt na Mara.  Bunscoil Bheann Mhadagáin.  Scoil na Fuiseoige.  Bunscoil na Trócaire.  Bunscoil Naomh Treasa de Lisieux.   Bunscoil Chailíní na Croise Ró-Naofa, Ard Eoin.

Bunscoil Cholmcille, Doire.  Bunscoil Ard Mhacha.  Gaelscoil na Daróige, Doire.  Gaelscoil Ghleann Darach, Cromhlinn.  Scoil Smerbhig, Co Chiarraí.
 

ar ais chuig an nuacht

Designed by FilledSoda