Cuairt an Aire Gnóthaí Eachracha
Thug an tAire ón Roinn Gnóthaí Eachtracha, Mícheál Ó Máirtín, cuairt ar thuaisceart Bhéal Feirste le déanaí. Le linn a chuairte chuig an Iontaobhas 174, bhuail sé le grúpaí éagsúla a bhfuil baint acu leis an Iontaobhas 174, an tOifigeach Forbartha Gaeilge de Chumann Cultúrtha Mhic Reachtain, Niall Ó Maitiú ina measc.
“Cuairt mheasartha ghasta a bhí i gceist toisc go raibh sceideal an-ghnóthach ag an Aire ar fud an lae, ach bíodh sin mar atá, fuair ionadaithe ó gach grúpa a bhí i láthair an deis leo féin a chur in aithne don Aire. Tá Gaeilge ag an Aire, Mícheál Ó Máirtín agus mar sin féin, labhair mé i nGaeilge faoin obair a dhéanaimid anseo ag Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain leis an Ghaeilge a chur chun cinn sa cheantar áitiúil.” arsa Niall Ó Maitiú.Ag cur fáilte mhór roimh an Aire, dúirt stiúrthóir an Iontaobhais 174 an tOirmhinneach Bill Shaw go bhfuil buíochas ó chroí air gur as na háiteanna eile ar fud thuaisceart Bhéal Feirste a bhí le roghnú, gur roghnaigh an tAire theacht anseo.
Lena chois sin, mhínigh Bill Shaw gur cuairt ar leith a bhí ann mar go bhfuil an tIontaobhas 174 ag ceiliúradh 25 bliain ar an fhód agus ghabh sé a bhuíochas freisin leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha as an tacaíocht luachmhar a chuir siad ar fáil thar na blianta beaga anuas.
I láthair fosta le fáilte a chur roimh an Aire, bhí páistí Bhunscoil Mhic Reachtain, a chuir ceol Gaelach den scoth ar fáil ar an fheadóg stáin. Cuireadh in iúl don Aire chomh maith gur thosaigh Bunscoil Mhic Reachtain amach sa bhliain 1999 is nach mbeadh sí ag feidhmniú sa lá atá inniu ann ar aon chor gan an chuidiú an-mhór ar fad a thug an tIontaobhas 174 dóibh lena seomraí a úsáid don scoil sna luathbhlianta.
Tar éis don Aire Gnóthaí Eachtracha pleananna úra don fhoirgneamh faoi choinne ionaid chultúrtha sa 174 a fheiceáil, d’eisigh sé ráiteas go dtabharfar deontas de €38,500.00 don Iontoabhas chun leanstan ar aghaidh leis an dea-obair atá ar siúl acu.