


C-D Niall Ó Maitiú, Oifigeach Forbartha Gaeilge, Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain, Tura Atura, Stuideó Ealaíon Domhanda agus Dr Gearóid Trimble, Clár-Bhainisteoir Pobail& Gó, Foras na Gaeilge a sheol clár Scoil Samhraidh Mhic Reachtain go hoifigiúil ag Bialann La Boca, Sráid an Fhuaráin, Béal Feirste.
BRÚ ANSEO LE CLÁR 2010 A ÍOSLÓDÁIL
SCOIL SAMHRAIDH MHIC REACHTAIN 2010
Timpeall an ama seo achan bhliain, tarlaíonn rud éigin an-speisialta i dTuaisceart Bhéal Feirste. Tagann daoine ó chongar is ó chian faoi bhrat na teanga le ceiliúradh spleodrach a bheith acu a thugann le fios go bhfuil an Ghaeilge go fóill mar pháirt lárnach dár saol sa lá atá inniu ann. Le tamall maith anuas, tá Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain ag spreagadh daoine chun gnímh ó thaobh na teanga de sa cheantar ach níl aon rud níos tábhachtaí ná an Scoil Samhraidh atá mar bhuaicphointe na bliana.
Is doiligh a chreidbheáil gur thosaigh sé breis agus 11 bliain ó shin nuair nach raibh a leithéid de scoil ar fáil áit ar bith sa chathair.
Cosúil le gach aon rud a bhfuil maitheas ann, thosaigh sé le fís – fís ina mbeadh cumhacht na Gaeilge á húsáid chun fócas nua a thabhairt don chomhphobal i limistéar a raibh a dhóthain de fhadhbanna aige.
Mar is gnách beidh an phríomhbhéim ar an Ghaeilge do dhaoine as gach aoisghrúpa agus cúlra – agus tá ranganna beartaithe ag 5 leibhéal ó bhun go hardrang ó Luan go hAoine. Mar rud sa bhreis i mbliana, gheobhaidh na daoine as an mheánrang uachtar agus as an ardrang blaiseadh beag de Ghaeilge na hAlban achan lá. Chomh maith leis na ranganna Gaeilge agus ceardlanna éagsúla, tá clár cuimsitheach d’imeachtaí curtha le chéile ag Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain.
Ag leanstan an téama Albanaigh, beidh ceolchoirm ann le Maeve McKinnon agus cairde (Ewan Mac Pherson agus Lauren Mac Call) as Albain atá mar cheann de na ceoltóirí is amhránaithe is fearr atá le fáil ann i nGaeilge na hAlban. Ar an ardán fosta, beidh Griogair Labhruidh agus Doimnic Mac Giolla Bhríde.
(Dé Céadaoin 28 Iúil – 8.30in –Halla Mór, 174 Trust, Duncairn Ave, Béal Feirste– Ticéid £5)
Cuirfear deireadh le himeachtaí na Scoile Samhraidh le Dinnéar & Céilí den chéad scoth ó Phádraig Ó Sé, Jon Saunders agus Desi Kelliher. Lena chois sin, beidh taispeántas damhsa ar an tsean-nós le Gearóid & Pádhraic Ó Dubháin, Máire Áine Ní Iarnáin agus Patricia Ní Fhátharta.
(Dé Sathairn 31ú Iúil – Óstán Europa – 7.30 go mall – Ticéid £40)
Beidh bia ón tSín, ó Indian, ón tSeapáin, ón Pholainn agus ó dheisceart Mheirceá i measc na gcomhábhar blasta uile a bheas mar chuid den fhéile ilchultúrtha an samhradh seo i dtuaisceart Bhéal Feirste.
Cé go mbeidh an Ghaeilge lárnach sa chuid is mó d’imeachtaí na seachtaine, beidh blas mór ilchultúrtha le fáil ann ar an Lá Ilchultúrtha, Dé Céadaoin 28 Iúil. Ní amháin go bhfaighidh muid blas den scoth den bhia idirnáisiúnta seo, beidh léiriú bríomhar ann chomh maith le Rince na hAifrice a bheas á léiriú ag damhsóirí de chuid Stuideó Ealaíon Domhanda agus ceol beo Samba ón ghrúpa Chachimba.
(Dé Céadaoin 28 Iúil –174 Trust– 12.15 – 13.30 – Fearadh na Fáilte roimh chách)
Mar chuid d’imeachtaí Mhic Reachtain, beidh Campa Samhraidh Gaeilge ar súil do dhéagóirí i gColáiste Phádraig, Bearna Gaoithe, Bóthar Aontroma. Mar gheall ar an éileamh don chúrsa seo, reáchtáileadh turas lae chuig Adventureland i mBeannchar.
Ag cur leis na ceardlanna ag Coláiste Phádraig 619 Bóthar Aontroma, beidh deis ag páistí (aois-ghrúpa 5 – 11) páirt a ghlacadh i gCeardlanna Ealaíona agus Drámaíochta trí mheán na Gaeilge. Ina theannta sin, beidh seisiún scéalaíochta agus ceoil samba ag gabháil ar aghaidh fosta. Ag claí le téama an cheoil ar fud na seachtaine, beidh ceardlanna ann don fheadóg stáin chomh maith.
Cuirfidh an tsiamsaíocht ollmhór le haitmaisféar na seachtaine gan dabht. Dráma Teaghlaigh trí mheán na Gaeilge ‘Foighid a Bheartla, foighid’ a bheas á léiriú ag an tSnáthaid Mhór Beo.
(Déardaoin 29 Iúil – 174 Trust – 7.30 – Saorchead isteach do pháistí bunscoile)
Beidh leagan Gaeilge den dráma mór le rá le Marie Jones ‘Stones in his Pockets’ ar súil oíche Dé Luain. Beidh cluasáin ar fáil le haistriúchán comhuaineach i mBéarla.
(Dé Luain 26 Iúil – 174 Trust – 7.30 – Ticéid: £5.00)
Leis an chlár a fhorbairt agus a leathnú amach i mbliana, beidh imeachtaí nua againn i mbliana. Ina measc siúd beidh ‘Lúibiní’ (Agallaimh Bheirte) á gcur i láthair ag Síle Uí Chróinín agus Deirdre Ní Cheallaigh.
(Halla Mór , 174 Trust, Dé hAoine 30 Iúil – 1.30in – 2.30in)
Fresin, beidh ‘Oíche na Scríobhaithe’ ann i mBialann La Boca, Déardaoin 29 Iúil 7.30in. Iséard atá i gceist ná oíche litríochta agus scéalaíochta le scoth na scríbhneoirí Gaeilge ag léamh as a gcuid gearrscéalta agus filíochta féin.
Mar aon leis seo, beidh BLASTA speisialta i mBeár Uí Mhadáin le ceoltóirí, damhsóirí agus amhránaithe den chéad scoth i láthair ar an oíche. Ina measc siúd, beidh Nell Ní Chróinín, Síle Ní Scanláin, Caoimhín Mac Giolla Chathain, Flavia agus Síle Uí Chróinín.
(Déardaoin 29 Iúil – Madden’s Bar – 9.30 go mall – Doras: £5)
Oíche Dé hAoine (30 Iúil – 9.00in – 12.00rn), beidh Oíche Airneáil ann i gCumann Chluain Ard le scoth na gceoltóirí is amhránaithe Gaeilge ó Ghaeltacht Chonamara. Beidh Nan Tom Taimín (de Búrca), Meaití Jó Shéamuis, Johnny Connolly (Phádraic Phíotair) agus daoine áitiúla as Béal Feirste ar an ardán.
Na déanaígí dearmad ar na Ceardlanna Damhsa Seit le hÉamann Mag Uidhir agus seisiún ceoil beo gach am lóin i rith na seachtaine. Leis an clár cuimsitheach seo, níl an darna hamhras ann go bhfuil an cháil idirnáisiúnta atá faighte ag Scoil Samhraidh Mhic Reachtain tuillte go mór aici. Bígí linn ag deireadh mhí Iúil agus bainaigí sult as na himeachtaí go léir.
Seoladh an Clár Scoil Samhraidh Mhic Reachtain 2010 ag an Dr Gearóid Trimble, Clár-Bhainisteoir Pobail & Gnó, Foras na Gaeilge ar an 30 Meitheamh ag Bialann La Boca, Sráid an Fhuaráin, Béal Feirste.
Tuilleadh Eolais: Niall Ó Maitiú, Teach Mhic Reachtain, 156 Bóthar Aontroma, Béal Feirste. BT15 2AH.
Teil: 028 90 749688
r-post: ccmr@btconnect.com
Idirlíon: www.ccmr156.com