Fáilte go dtí suíomh idirlíon Chumann Cultúrtha Mhic Reachtain. Le tuilleadh eolais faoi ranganna Gaeilge agus imeachtaí eile déan teagmháil linn.
 

An Nuacht is déanaí

Turas Lae - 'Battle of Ballynahinch'
20 Jul 2010
Turas Stairiúil - Dé Sathairn 31 Iúil 9.30rn-3.30in
Stones in his Pockets
20 Jul 2010
Dé Luain 26 Iúil, 7.30in Halla Mór, Iontaobhas 174
Ceolchoirm - 'Ó Alba go Béal Feirste'
20 Jul 2010
Dé Céadaoin 28 Iúil 8.30in Halla Mór, Iontabhas 174

Scéim na bhFáinní

Tugann Scéim na bhFáinní deis do dhaltaí idir 11 agus 18 bliain d’aois cáilíocht aitheanta a bhaint amach don leibhéal Gaeilge atá acu. Cén fáth nach mbíonn baint agat féin leis an fhorbairt seo? Déan staidéar ar theanga a leathnóidh do pheirspictíochtaí, a dhoimhneoidh do chur amach ar do chultúr féin agus a bheidh mar cháilíocht luachmhar oideachais agat.

Tuilleadh faoi Scéim na bhFáinní »

Scoil Samhraidh Mhic Reachtain

Scoil Samhraidh Mhic Reachtain - Féile Ghaeilge a tharlaíonn achan bhliain ag deireadh mhí Iúil ar feadh seachtaine. Réimse leathan d'imeachtaí, ceardlanna agus cúrsaí Gaeilge le fáil ann. I measc na rudaí a tharlaíonn le linn na seachtaine: Dianchúrsa Gaeilge do dhaoine fásta, Campa Samhraidh Gaeilge do dhéagóirí, Ceardlanna Ealaíne is Feadóige Stáine do pháistí bunscoile, Seisiún Scéalaíochta, Ceardlanna Samba, Taispeántas Ealaíne, Turas Lae, Siamsaíochta IlChultúrtha, Drámaíocht, Léachtaí, Ceolchoirm, Ceilí & Dinnéar, Ceardlann Fidléireachta, Seisiún Ceoil, Féile Scannánaíochta agus neart eile. Scoil Samhraidh Mhic Reachtain - 26ú IÚIL - 1ú LÚNASA 2010

Tuilleadh faoi Scoil Samhraidh Mhic Reachtain »

Scéim na mBunscoileanna Béarla - 'Ó óige go neart'

Is scéim nuálaíoch í seo Ó óige go neart atá á cur i bhfeidhm ag Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain. Is í aidhm na scéime seo ná ceachtanna Gaeilge bríomhara agus sultmhara a chur ar fáil ar bhonn seachtainiúil do dhaltaí ón aoisghrúpa 7-12. Tá 9 mbunscoil páirteach sa scéim, is é sin níos mó ná 20 rang ar fad san iomlán. Ag deireadh na scoilbhliana i mí an Mheithimh, téann na Gaeilgeoirí óga seo trí scrúdú béil agus bronntar teastais bhunscoile orthu don leibhéal Gaeilge labhartha atá acu.

Tuilleadh faoi Scéim na mBunscoileanna Béarla - 'Ó óige go neart' »

Gnó

Tá Scéim Chomharthaíochta de chuid Foras na Gaeilge á cur i bhfeidhm ag Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain i dtuaisceart Bhéal Feirste leis an Ghaeilge a chur chun cinn sa cheantar sin. Is é atá i gceist ná maoiniú 50% a chuirtear ar fáil do ghnó ar bith ar mhaith leo comharthaíocht dhátheangach nó comharthaíocht i nGaeilge amháin a úsáid le próifíl na Gaeilge a ardú.

Tuilleadh faoi Gnó »
Designed by FilledSoda